Skip to main content

Ár gcuid oibre

Arial view of a motorway

Is oifig ar leith sa Roinn Iompair í Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha Éireann (ZEVI), a bhfuil de chúram uirthi tacú le tomhaltóirí, leis an earnáil phoiblí agus le gnólachtaí leanúint orthu agus an t-aistriú á dhéanamh acu chuig feithiclí astaíochtaí nialasacha.

Tá an Oifig i gceannas ar spriocanna uaillmhianacha na hÉireann faoin bPlean Gnímh don Aeráid, 2023 chun 30% dár bhflít carranna príobháideacha a aistriú ina gcarranna leictreacha faoi 2030.

Chun an sprioc seo a bhaint amach, oibrímid i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara ar fud na hearnála poiblí agus príobháidí, lena n-áirítear ESB Networks (ESBN), EirGrid, an Coimisiún um Rialáil Fóntas (CRU), an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA), Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI), Bonneagar Iompair Éireann (TII), soláthróirí fuinnimh, oibreoirí pointí luchtaithe agus garáistí.

Tá ceithre cholún ag croílár spriocanna ZEVI, a chuimsíonn:

  • Beartas agus Reachtaíocht
  • Bonneagar
  • Rannpháirtíocht agus Cumarsáid le Páirtithe Leasmhara, agus
  • Feithiclí.

Tá an Oifig i gceannas ar spriocanna uaillmhianacha na hÉireann faoin bPlean Gnímh don Aeráid, 2023 chun 30% dár bhflít carranna príobháideacha a aistriú ina gcarranna leictreacha faoi 2030.

Group of people sitting outside in sunshine.