Ráiteas Príobháideachais
Éilíonn ZEVI ar chustaiméirí sonraí pearsanta áirithe a sholáthar chun ár bhfeidhmeanna reachtacha agus riaracháin a chomhlíonadh. Is mar fhaisnéis rúnda a chaithfidh ZEVI leis an bhfaisnéis agus leis na sonraí pearsanta uile a sholáthraíonn tú, i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus leis an reachtaíocht maidir le Cosaint Sonraí.
Féadtar do shonraí pearsanta a chomhroinnt le Ranna nó le gníomhaireachtaí eile Rialtais atá faoi shainchúram ZEVI de réir an dlí. Tá na mionsonraí go léir faoi bheartas cosanta sonraí na Roinne, ina leagtar amach conas a úsáidfimid do shonraí pearsanta chomh maith le faisnéis maidir le do chearta mar dhuine is ábhar do shonraí le fáil ar an leathanach ‘Cosaint Sonraí’. Tá mionsonraí faoin mbeartas sin le fáil freisin i gcóip chrua ach iad a iarraidh trí ríomhphost a sheoladh chuig dataprotection@transport.gov.ie nó trí scríobh chuig: An tAonad um Chosaint Sonraí, An Roinn Iompair, Lána Líosain, Baile Átha Cliath D02 TR60.
Tá an Beartas Cosanta Sonraí nuashonraithe againn freisin.