Skip to main content

Ráiteas Inrochtaineachta

Caitheann ZEVI dúthracht le faisnéis agus seirbhísí inrochtana a chur ar fáil do gach duine dár gcuid custaiméirí.

Is é is aidhm leis an láithreán gréasáin ná é a dhéanamh chomh hinrochtana agus is féidir beag beann ar chumas nó míchumas an úsáideora. Dá fheabhas an dearadh is ea is fearr a bheidh an rochtain do gach úsáideoir.

 

Dearadh an Láithreáin Gréasáin

Dearadh an láithreán gréasáin seo ar bhealach a sheachnaíonn tranglam agus a sholáthraíonn stíl chomhsheasmhach nascleanúna. Úsáidtear dathanna, mionrianta agus naisc chuig na príomhréimsí téamacha ar gach leathanach d’fhonn an nascleanúint a dhéanamh níos éasca.

Tá ábhar an láithreáin gréasáin scartha ó na gnéithe léirithe, rud a fhágann gur féidir le húsáideoirí teicneolaíochtaí amhail léitheoirí scáileáin a úsáid gan stró.

Táimid den tuairim gur cheart go mbeadh úsáideoirí in ann a aithint go héasca cén chatagóir a bhaineann leis an bhfaisnéis ar leith atá ag teastáil uathu.

 

Formáid Adobe PDF

Tá cuid den fhaisnéis atá ar an láithreán gréasáin seo ar fáil i bhformáid PDF sa chaoi go mbeadh sé ní b’éasca doiciméid a léamh agus a phriontáil. Ní formáid inrochtana é PDF i ngach cás.

Tá Adobe Reader ag teastáil le breathnú ar na comhaid PDF atá ar an láithreán seo. Is féidir cóip saor in aisce a íoslódáil ó láithreán gréasáin Adobe (nasc seachtrach).

 

Cuardach

Tá inneall cuardaigh curtha ar fáil, lena n-éascaítear aisghabháil doiciméad agus lena n-áirítear ardghné chuardaigh freisin.

 

Íomhánna

Tá cur síos ALT luaite le gach íomhá, ach amháin i gcás íomhánna nach bhfuil ach maisiúil amháin, a bhfuil luachanna nialasach luaite leo.

 

Táblaí

Úsáidtear táblaí ar an láithreán a laghad is gá.

 

Tástáil Brabhsálaithe

Déantar an láithreán gréasáin a thástáil sna príomhleaganacha go léir de na brabhsálaithe seo a leanas:

 

PC

  • Chrome
  • Internet Explorer
  • Firefox
  • Opera
  • Lynx

Mac

  • Safari

Linux

  • Chrome
  • Firefox
  • Lynx
  • Opera

 

Inrochtaineacht a Chinntiú

Tá gealltanas tugtha ag ZEVI go ndéanfadh sé inrochtaineacht an láithreáin gréasáin seo a chothabháil agus go ndéanfadh sé monatóireacht uirthi sin.  Mar chuid den phróiseas seo, fáiltímid roimh aon tuairimí, moltaí nó sonraí maidir le fadhbanna ó úsáideoirí.  Ba cheart tuairimí a chur chuig  zevireland@transport.gov.ie.

Clúdaíonn na treoirlínte seo saincheisteanna amhail ábhar gréasáin atá éasca le húsáid a chruthú, téacs malartach bríoch a scríobh, frásaí inrochtana a chruthú do nasic agus doiciméid inrochtana a chruthú.