Scéim Deontais chun Feithiclí Tromshaothair Astaíochtaí Nialasacha a cheannach
D’oscail an Scéim Deontais chun Feithiclí Tromshaothair Astaíochtaí Nialasacha a cheannach i bhFeabhra 2024.

Bronnann an Scéim seo deontais ar chuideachtaí agus ar fhiontair ar mian leo feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha a cheannach in ionad feithiclí díosail.
I mí na Samhna, leathnaíodh an scéim le go mbeadh deontais cheannaigh faoi chomhair bonneagar athluchtaithe san áireamh.
Tá an Scéim Deontais chun Feithiclí Tromshaothair Astaíochtaí Nialasacha a cheannach maoinithe ag an Roinn Iompair agus á riar ag Bonneagar Iompair Éireann.
Le tuilleadh eolais a fháil, téigh anseo .