Bonneagar
Tugtar cuntas sa Straitéis Bonneagair Luchtaithe d’Fheithiclí Leictreacha, 2022-2025, ar an sprioc atá ann le líonra luchtaithe feithiclí leictreacha a sholáthar le freastal ar riachtanais na n-úsáideoirí agus le bheith chun tosaigh ar na riachtanais sin.

Is iad bunphrionsabail na straitéise, mar aon le tuiscint ar riachtanais tomhaltóirí, a bheidh mar bhonn faoi sholáthar an bhonneagair luchtaithe d’fheithiclí leictreacha, chomh maith le tuiscint ar na nithe a leanas:
- Ba cheart go mbeadh an luchtú baile ar an bpríomhchineál luchtaithe d'fhormhór na n-úinéirí feithiclí leictreacha. Déanfar gníomhartha chun tús áite a thabhairt do shuiteáil pointí cliste luchtaithe baile agus chun úsáid teicneolaíochtaí V2G a spreagadh nuair is indéanta.
- Le luchtú comharsanachta cónaithe, soláthrófar réiteach den chineál céanna leis an luchtú baile d'úinéirí feithiclí leictreacha nach bhfuil rochtain acu ar chabhsa. Is in áit phoiblí a chuirfear an trealamh ionas go mbeidh ‘bunáit’ ann le feithiclí a luchtú ar ráta seachbhuaice a bheidh níos moille
- Beidh an luchtú ceann scríbe ann le deis a thabhairt d’úsáideoirí feithiclí leictreacha luchtú breise a dhéanamh agus iad gníomhach amuigh nó ag stopadh in áiteanna faoi leith, cuir i gcás carrchlóis i lár an bhaile mhóir, ionaid siopadóireachta, óstáin agus spórtlanna. Beifear in ann an luchtú féin a chur in oiriúint do riachtanais an úsáideora ó thaobh méid agus méide de - SD Mear, SA Gasta, nó meascán den dá rud
- Beidh an luchtú ar an tslí (pointí luchtaithe ardluais, ardchumhachta ag láithreacha straitéiseacha) ag éirí níos tábhachtaí i dtaobh freastal ar riachtanais luchtaithe agus daoine ag déanamh a mbealaigh thart. Éascóidh sé sin do fhlíteanna feithiclí ardmhíleáiste aistriú níos tapúla chuig an teicneolaíocht feithiclí leictreacha. Tabharfaidh sé aghaidh ar imní maidir le raon freisin.
I ndeireadh na dála, níl ann d’aon réiteach luchtaithe amháin le haghaidh úsáideoirí feithiclí leictreacha: úsáidfidh tiománaithe feithiclí leictreacha gach cineál pointe luchtaithe ag pointe éigin, ag brath ar a riachtanais agus a gcúinsí ar thuras ar leith. Is é an rud atá tábhachtach ná líon leordhóthanach pointí luchtaithe de chineálacha éagsúla a chur ar fáil ionas gur féidir le gach úsáideoir luchtú a dhéanamh ar bhealach atá áisiúil, éifeachtach ó thaobh fuinnimh de agus costéifeachtach.
Luaitear sa Straitéis Náisiúnta Bonneagair Luchtaithe d’Fheithiclí Leictreacha go bhfuil Plean maidir le Líonra Náisiúnta Luchtaithe Feithiclí ag teastáil leis na riachtanais don luchtú a bheidh inrochtana don phobal a leagan amach ann, iad seo ina measc: luchtú ardchumhachta ar mhótarbhealaí/ar an tslí, luchtú ceann scríbe agus luchtú comharsanachta cónaithe. Is é an cuspóir atá ann ná go mbeifear chun tosaigh ar an éileamh, go ndéanfar na ceanglais sa Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Ionadúla a shásamh agus go gcuirfear isteach bonneagar d’fheithiclí leictreacha a dhéanfaidh riachtanais úsáideoirí a shásamh.
Is é an Plean um Luchtú Feithiclí Leictreacha ar an nGréasán Náisiúnta Bóithre, a foilsíodh i mí na Bealtaine in 2024, an chéad ghné den Phlean maidir le Líonra Náisiúnta Luchtaithe Feithiclí Leictreacha. Sa phlean seo, tugtar sonraí faoin leibhéal luchtaithe a bheidh ag teastáil ar an ngréasán náisiúnta príomhbhóithre agus bóithre den dara grád sa tréimhse 2024-2030. Tá eolas sa Phlean ar na bealaí a mbeidh an Rialtas ag obair i gcomhar leis an tionsclaíocht phríobháideach leis na spriocanna uaillmhianacha seo ó thaobh luchtú feithiclí leictreacha de a bhaint amach ar líonra na mótarbhealaí agus príomhbhóithre in Éirinn, an obair sin bunaithe ar phacáiste tograí sna blianta atá le teacht maidir le hinfheistíocht, rialúchán agus ionstraimí beartais.
An dara gné atá ann ná an Dréachtphlean don Líonra Réigiúnach agus Áitiúil le Feithiclí Leictreacha a Luchtú, plean atá dírithe ar luchtú ceann scríbe agus luchtú sa chomharsanacht. Foilsíodh é i mí na Bealtaine 2024 le go ndéanfaí comhairliúchán poiblí ina leith agus táthar chun an plean deiridh a fhoilsiú sa chéad ráithe de 2025. Tá an plean seo dírithe ar Bhonneagar feithiclí leictreacha le haghaidh feithiclí saothair éadroim bunaithe ar riachtanais úsáideoirí agus na spriocanna go 2030 atá sa Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Ionadúla, bunaithe ar an bhflít. Is iad na hÚdaráis Áitiúla a chuirfidh an plean i bhfeidhm, tacaíocht acu ón Rialtas agus iad ag obair i gcomhar leis an earnáil phoiblí agus earnáil phríobháideach.
Níl ann d’aon réiteach luchtaithe amháin do gach úsáideoir feithicle leictrí: úsáidfidh tiománaithe feithiclí leictreacha gach cineál pointe luchtaithe ag pointe éigin, ag brath ar a riachtanais agus a gcúinsí ar thuras ar leith.
