Skip to main content

Rannpháirtíocht agus Cumarsáid le Páirtithe Leasmhara

Tá an Rannpháirtíocht agus Cumarsáid le Páirtithe Leasmhara ar cheann de na ceithre cholún atá ag croílár spriocanna ZEVI agus is cuid lárnach iad dár gcuid oibre.

stakeholder meeting July 2023

Oibrímid le réimse leathan páirtithe leasmhara ag an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, agus leis an bpobal chomh maith chun misean agus fís iomlán ár gclár a chur chun feidhme.

Chun comhoibriú níos leithne a éascú, tá grúpaí páirtithe leasmhara um bonneagar agus um fheithiclí bunaithe ag ZEVI chun eolas agus dea-chleachtas a roinnt, agus chun constaicí agus réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint.

Ina measc siúd tá:

  • An Grúpa Earnála Poiblí um Bonneagar Feithiclí Leictreacha a Sholáthar
  • An Grúpa Páirtithe Leasmhara Poiblí-Príobháideach um Bonneagar
  • An Grúpa Páirtithe Leasmhara Poiblí-Príobháideach um Fheithiclí

Chomh maith le rannpháirtíocht páirtithe leasmhara a spreagadh trí na grúpaí foirmiúla seo, déanann ZEVI rannpháirtíocht saoránach a spreagadh, leis. Déantar é seo tríd an suíomh gréasáin, trí na meáin shóisialta, trí chomhairliúcháin phoiblí, trí fheachtais agus trí chlár cuimsitheach rannpháirtíochta agus cumarsáide le páirtithe leasmhara.

Tugann an Grúpa Earnála Poiblí um Bonneagar Feithiclí Leictreacha a Sholáthar comhlachtaí poiblí atá gníomhach i soláthar bonneagair feithiclí leictreacha le chéile. Comhoibríonn ZEVI go dlúth le ranna Rialtais eile, le comhlachtaí earnála poiblí, agus le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun cur chuige comhtháite beartais agus cur i bhfeidhm a fhorbairt i dtaobh bonneagar feithiclí leictreacha a chur ar fáil.

Chuige sin, thionóil ZEVI grúpa idir-rannach agus idirghníomhaireachta earnála poiblí um Bonneagar Feithiclí Leictreacha a Sholáthar, a thug le chéile ionadaithe ó réimse leathan eagraíochtaí. Cuireann an grúpa soláthair saineolas ar fáil chun tacú le soláthar líonra cuimsitheach náisiúnta luchtaithe d’fheithiclí leictreacha. Aithníonn sé saincheisteanna agus dúshláin a d’fhéadfadh teacht chun cinn i gcur i bhfeidhm na straitéise agus cuireann réitigh agus treoir ar fáil nuair is cuí.

Oibreoidh an Grúpa chun soláthar an bhonneagair feithiclí leictreacha a chomhtháthú sa chreat pleanála, agus an soláthar áitiúil fuinnimh á bhreithniú aige ag an am céanna. Déanann an grúpa breithniú freisin ar cibé acu atá nó nach bhfuil gá le rialacháin nua chun soláthar agus suiteáil bonneagair feithiclí leictreacha a éascú.

Bhunaigh ZEVI an Grúpa Páirtithe Leasmhara Poiblí-Príobháideach um Bonneagar nua, ar grúpa ilpháirtithe leasmhara é, chun cur chuige comhpháirtíochta a chur i bhfeidhm i leith bonneagar feithiclí leictreacha a sholáthar.

Déanann páirtithe leasmhara ó earnáil na bhfeithiclí leictreacha, lena n-áirítear an earnáil phoiblí, earnáil na tionsclaíochta agus an saol acadúil, ionadaíocht ar an nGrúpa. Táimid dírithe ar na seifteanna beartais, na foinsí maoinithe agus na nuálaíochtaí is fearr ó thaobh bonneagar a sholáthar d’fheithiclí leictreacha a shainaithint. Tá sé mar aidhm againn a bheith trédhearcach, a bheith freagrúil d'athruithe sa mhargadh agus d'fhorbairtí teicneolaíochta, agus an cleachtas is fearr agus an chomhroinnt eolais a éascú.

Déanann an Grúpa moltaí a mheas agus a dhéanamh maidir leis an mbealach is fearr chun tacú agus dlús a chur le rolladh amach an bhonneagair luchtaithe de réir riachtanais úsáideoirí (lena n-áirítear an tsábháilteacht agus an tslándáil) agus conas is fearr forálacha comhroinnte sonraí an Rialacháin um Bonneagar Breosla Malartach a chur i bhfeidhm.

Déanann an Grúpa Páirtithe Leasmhara Poiblí-Príobháideacha um Bonneagar breithniú freisin ar conas is fearr feasacht an phobail i gcoitinne ar theicneolaíochtaí feithiclí leictreacha agus ar líonraí pointí luchtaithe a chinntiú.

Bhunaigh ZEVI an Grúpa Páirtithe Leasmhara Poiblí-Príobháideacha um Fheithiclí chun bonn saineolais a chur faoi rolladh amach na bhfeithiclí leictreacha.

Tugann an Grúpa Páirtithe Leasmhara Poiblí-Príobháideacha um Fheithiclí ionadaithe ó thionscal na ngluaisteán agus ó ghrúpaí úsáideoirí gluaisteán le chéile. Ina measc seo tá tionscal na dtacsaithe, grúpaí carrchíosa, grúpaí comhroinnte carranna, grúpaí turasóireachta, ionadaithe HGV agus cumainn feithiclí leictreacha agus gluaisteánaíochta.

Tá an bonneagar poiblí á dhearadh chun freastal ar riachtanais tiománaithe. Bíonn tionchar mór ag dearadh agus cumas a bhfeithiclí, agus cuspóirí a dturas, ar riachtanais luchtaithe tiománaithe feithiclí leictreacha. Mar shampla, méid ceallra na feithicle; acmhainn luchtaithe na feithicle, rud a rialaíonn cé chomh tapa agus is féidir an ceallra a luchtú; ní hionann riachtanais luchtaithe tiománaithe tacsaithe leictreacha agus eagraíochtaí carrchíosa nó clubanna gluaisteán, mar shampla.

Oibrímid le réimse leathan páirtithe leasmhara ag na leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus leis an bpobal chomh maith, chun misean agus fís iomlán ár gcláir a chur chun feidhme.

An Straitéis um Bonneagar Feithiclí Leictreacha, 2022-2025
Infrastructure image of EV charging