Skip to main content

Feithiclí

Tá tús áite á thabhairt ag Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha Éireann (ZEVI) don aistriú ar shiúl ó innill dócháin inmheánaigh a mbíonn an-truailliú i gceist leo. Táimid dírithe ar fheithiclí leictreacha toisc gur sin an rogha is inrochtana dá bhfuil ar an margadh in Éirinn faoi láthair ó thaobh feithiclí atá saor ó astaíochtaí ón sceithphíopa de.

image of an electric vehicle

Comhfhreagracht atá ann glacadh le feithiclí leictreacha. Tá ZEVI ag tacú i gcónaí leis an tionscal feithiclí leictreacha agus tá réimse leathan fóirdheontas ar fáil. Más ag tiomáint tacsaí, feithicil tráchtála nó go díreach ar mhaithe le pléisiúr a bhíonn tú, tá fóirdheontais ar fáil le go mbeidh an taisteal saor ó astaíochtaí níos inacmhainne agat. Seo an t-am ceart le gach rogha a mheas agus stad a chur leis na leithscéalta!  

Ar a bharr sin, tá na gnéithe is nua den teicneolaíocht agus áiseanna úra i bhfeithiclí leictreacha, rud a fhágann go bhfeileann siad do chustaiméirí de gach cineál. I gcás na ndaoine a bhfuil an cinneadh déanta acu cheana féin athrú go feithicil leictreach, is iad na cúiseanna is mó a spreag iad an cinneadh sin a dhéanamh ná tionchar feithiclí leictreacha ar an domhan ó thaobh inbhuanaitheachta de chomh maith leis na buntáistí airgeadais a bhaineann leo.

Tá seans ann go bhfuil ceisteanna agat faoi fheithiclí leictreacha nach bhfuair tú freagra orthu fós, ach tá cuid mhaith eolais ar fáil le go mbeidh tú in ann rogha chiallmhar a dhéanamh le do chuid airgid a chaitheamh. Labhair linne nó le déileálaí le saineolas a fháil.

Is féidir na naisc seo a leanas a úsáid más mian leat liosta iomlán deontas agus tuilleadh eolais a fháil:

Tá na gnéithe is nua den teicneolaíocht agus áiseanna úra i bhfeithiclí leictreacha, rud a fhágann go bhfeileann siad do chustaiméirí de gach cineál.

image of an electric vehicle