An Scéim Deontais um Bonneagar Athluchtaithe d’Fheithiclí Saothair Éadroim (LDV) ar Bhóithre Náisiúnta
Sheol ZEVI agus TII an dara Scéim Deontais um Bonneagar Athluchtaithe d’Fheithiclí Saothair Éadroim (LDV) ar Bhóithre Náisiúnta i mí Dheireadh Fómhair 2024.

D’fhógair an tAire Iompair, Eamon Ryan i mí Dheireadh Fómhair 2024 seoladh an dara Scéim Deontais le haghaidh Bóithre Náisiúnta chun tacú le forbairt áiseanna athluchtaithe ardchumhachta d’fheithiclí leictreacha (EVanna) ar fud Ghréasán Bóithre Náisiúnta na hÉireann.
Beidh Scéim Deontais ZEVI agus TII um Bonneagar Athluchtaithe d’Fheithiclí Saothair Éadroim (LDV) ar Bhóithre Náisiúnta – Céim 2 (nó LDV 2 mar is fearr aithne air) dírithe ar 1,200km de charrbhealaí aonair náisiúnta. Tacóidh sí le rolladh amach linnte bonneagair athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha nach faide ná 60km óna chéile sa dá threo.
Tá an Scéim oscailte d’oibreoirí stáisiúin peitril/ionaid seirbhíse, úinéirí carrchlóis, óstáin, ollmhargaí/asraonta miondíola, agus d’aon duine a bhfuil suíomh aige a bhfuil rochtain ag an bpobal air laistigh d’achar tiomána 3km de bhóithre na Scéime.
Tá an scéim seo ina cuid de Phlean Foriomlán ZEVI um Luchtú Feithiclí Leictreacha ar an nGréasán Bóithre Náisiúnta, scéim faoinar bronnadh maoiniú deontais níos luaithe i mbliana chun 131 pointe athluchtaithe ardchumhachta nua a chur ar fáil d’fheithiclí leictreacha ag 17 láthair ar an ngréasán mótarbhealaí/débhealaí.
Táthar ag súil go mbeidh na linnte athluchtaithe arna maoiniú ag an dá scéim ar fáil lena n-úsáid ag an bpobal faoi dheireadh 2025. Cuirfear leo le tuilleadh scéimeanna chun infhaighteacht bonneagair athluchtaithe a mhéadú ar fud an Ghréasáin Bóithre Náisiúnta. Cuirfear leo sin ina dhiaidh sin le scéimeanna pobalbhunaithe a dhíreoidh ar chinn sprice agus ar chomharsanachtaí áitiúla faoi Phlean ZEVI um Líonra Luchtaithe Réigiúnach agus Áitiúil d’Fheithiclí Leictreacha.
An bhfuil tuilleadh eolais uait?
Féach ar an leathanach ar leith atá curtha ar fáil ar tii.ie le tuilleadh sonraí a fháil faoi na riachtanais, an próiseas déanta iarratais agus acmhainní.