Fianáin
Píosaí beaga faisnéise iad fianáin, a stóráiltear i gcomhaid ghnáth-théacs agus a gcuireann láithreán gréasáin ar do ríomhaire iad. Is féidir leis an láithreán gréasáin roinnt fianán a léamh gach uair a thabharfaidh tú cuairt ar an láithreán tar éis a socraithe. D'fhéadfadh sé go mbainfeadh an fhaisnéis a stóráiltear i bhfianán le do ghníomhaíochtaí brabhsála ar an láithreán gréasáin nó le huimhir uathúil a d’fhéadfadh an láithreán gréasáin a úsáid le "cuimhneamh" ort dá bhfillfeá air. Scriostar fianáin eile nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí agus ní bhaineann siad ach le hoibriú an láithreáin gréasáin. Ní bhíonn faisnéis phearsanta a d’fhéadfaí a úsáid le tú a aithint i bhfianáin ar gov.ie.
Fianáin ar an láithreán gréasáin seo
Ligeann mórchuid na mbrabhsálaithe duit fianáin a mhúchadh nó do shocruithe maidir le fianáin a shaincheapadh. Chun a fháil amach cén chaoi déanamh amhlaidh, féach an roghchlár ‘Cabhair’ i do bhrabhsálaí. Tabhair faoi deara má mhúchann tú fianáin nó má athraíonn tú do chuid socruithe, tá an seans ann nach n-oibreoidh roinnt gnéithe den láithreán gréasáin i gceart.
Google Analytics
Tá Google Analytics á úsáid ag ZEVI le cabhrú linn le feidhmiú an láithreáin ghréasáin seo. Cabhraíonn an tseirbhís sin linn faisnéis ábhartha a chur ar fáil i bhformáid atá éasca le húsáid. Bainimid úsáid as an Anaithnidiú IP in Google Analytics. Is é seo an t-aon fianán tríú páirtí a úsáidtear ar gov.ie.
Ní shocraítear na fianáin seo a leanas de chuid Google Analytics ach amháin má roghnaíonn tú ‘Ceadaigh gach rud’ ar an meirge faisnéise fianán nó má roghnaíonn tú sainroghanna a shocrú agus má dhéanann tú na sainroghanna fianán anailíseach a chumasú:
- Ainm an fhianáin: _ga
- Am éaga: 24 mí ón gcuairt dheireanach
- Cur síos: Úsáidtear é seo chun idirdhealú a dhéanamh idir úsáideoirí.
agus
- Ainm an fhianáin: _gid
- Am éaga: 24 uair an chloig ón gcuairt dheireanach
- Cur síos: Úsáidtear é seo chun idirdhealú a dhéanamh idir úsáideoirí.
Tuilleadh eolais nó le hiarratas a dhéanamh
Má tá imní ort mar gheall ar an mbealach a ndéantar faisnéis phearsanta a phróiseáil tríd an suíomh idirlín seo, ná bíodh aon drogall ort an ní is cúis imní duit a chur ar ár súile dúinn. Le déanamh amhlaidh, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le dataprotection@transport.gov.ie.