Tacaíochtaí agus scéimeanna

Tá réimse flaithiúil dreasachtaí ar fáil in Éirinn le tacú le tiománaithe aistriú chuig feithiclí leictreacha.
Ina measc siúd tá dreasachtaí amhail:
- deontas faoi chomhair feithiclí ceallra-leictreacha a cheannach
- scéim luchtaithe baile
- scéim luchtaithe árasáin
- faoiseamh cánach sochair comhchineáil d’fheithiclí ceallra-leictreacha
- faoiseamh VRT suas le €5,000 d’fheithiclí ceallra-leictreacha
- ráta íseal mótarchánach bliantúla.
Tá tacaíochtaí ar fáil don lucht gnó chomh maith, lena n-áirítear:
- deontas do thiománaithe tacsaí le cabhrú leo dul le feithiclí leictreacha
- deontas faoi chomhair feithiclí tromshaothair d’fhonn an bhearna a shárú idir feithiclí astaíochtaí nialasacha agus feithiclí astaíochtaí ísle.