Skip to main content

Téarmaí agus Coinníollacha

Séanadh

Tá gach iarracht déanta lena chinntiú go bhfuil an fhaisnéis atá ar fáil ar láithreán gréasáin ZEVI idir chruinn agus chothrom le dáta. Má thugann tú aon earráidí nó easnaimh faoi deara, iarrtar ort iad a chur in iúl dúinn chomh luath agus is féidir le go mbeimid in ann iad a chur ina gceart. Maidir le cruinneas, iomláine agus nádúr cothrom le dáta na faisnéise atá ar fáil ar an láithreán gréasáin faoi láthair, ní ghlacann ZEVI aon fhreagracht as an méid sin agus ní thugann aon ráthaíochtaí, gealltanais ná barántaí ina leith. Ní ghlacann sé ach an oiread le haon dliteanas a eascróidh as aon earráidí nó easnaimh dá leithéid.

Forchoimeádann ZEVI an ceart aige féin an fhaisnéis atá curtha ar fáil anseo a athbhreithniú, a leasú, a athrú nó a scriosadh tráth ar bith, ach ní bheidh sé freagrach as aon athbhreithniú, leasú, athrú ná scriosadh den sórt sin ná ní bheidh sé faoi dhliteanas ina leith. Is ar an úsáideoir amháin a bheidh an fhreagracht as aon chaillteanas a eascróidh as úsáid na faisnéise atá ar an láithreán gréasáin seo. Maidir le nasc ar bith ón láithreán gréasáin seo chuig láithreán gréasáin seachtrach, is mar áis thagartha amháin a chuirtear a leithéid ar fáil agus níor cheart breathnú air amhail is dá mbeimis ag tacú lena bhfuil ar na láithreáin ghréasáin sheachtracha sin ná le cleachtais a leithéid de láithreáin ghréasáin.

 

Cóipcheart

Tá gach ábhar ar an láithreán seo faoi chóipcheart an Rialtais mura bhfuil a mhalairt luaite. Tá cóipcheart intuigthe is cuma cé acu atá siombail chóipchirt nó ráiteas cóipchirt ar taispeáint nó nach bhfuil. Tá cead agat ábhar atá ar láithreán gréasáin na Roinne Iompair a atáirgeadh ar an gcoinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

Níl feidhm ag an gcead sin leis an bhfaisnéis atá faoi chóipcheart an Rialtais a atáirgeadh maidir le haon ábhar ar le tríú páirtí é atá ar an láithreán gréasáin seo. Caithfear cead le hábhar den sórt sin a atáirgeadh a fháil ón sealbhóir cóipchirt atá i gceist.