Skip to main content

An Plean maidir le Líonra Náisiúnta Bóithre Luchtaithe Feithiclí Leictreacha

Is ionann an Plean um Líonra Luchtaithe Feithiclí Leictreacha ar an nGréasán Náisiúnta Bóithre agus an chéad chuid den Phlean um Líonra Luchtaithe Náisiúnta d’Fheithiclí Leictreacha, plean a dhíríonn ar luchtú ar an tSlí, ar Mhótarbhealaí, ar Phríomhbhóithre agus ar Bhóithre Tánaisteacha.

Image from the national road plan

Ag oibriú chun spriocanna náisiúnta agus Eorpacha i dtaca le córas iompair níos glaine a bhaint amach, leagtar amach sa phlean na bealaí chun na spriocanna seo a sheachadadh, agus tugtar sonraí ann faoin bpacáiste tograí infheistíochta agus rialúcháin agus faoi na hionstraimí beartais a bheidh i gceist.