Skip to main content

Cúnamh agus Comhairle

Image from the national road plan

Cuir ceist

Recent Questions

Ginearálta

Níl oll-léarscáil oifigiúil de na pointí luchtaithe ar fáil.  Soláthraíonn oibreoirí pointí luchtaithe éagsúla léarscáileanna de na pointí luchtaithe agus bíonn an t-eolas sin le fáil ó sholáthraithe seirbhíse eile chomh maith.  Táimid ag obair faoi láthair le stór láraithe sonraí maidir le pointí luchtaithe na n-oibreoirí ar fad a chur i dtoll a chéile, agus táthar ag súil go mbeidh sé ar fáil faoi mhí Aibreáin 2025.  Ciallaíonn sé seo go mbeidh léarscáil de na pointí luchtaithe ar fad le fáil go luath.

Is fíor, i bhformhór na gcásanna, go mbíonn costais reatha níos ísle ag baint le EVanna ná le carranna peitril agus díosail. Is gnách go mbíonn sé níos saoire EV a luchtú sa bhaile ná carr a líonadh le peitril, agus bíonn níos lú cothabhála ag teastáil ó EVanna ós rud é go mbíonn níos lú páirteanna gluaisteacha acu.

Úsáideann EVanna mótar leictreach atá á thiomáint ag cadhnra agus is féidir an cadhnra sin a luchtú sa bhaile nó ag stáisiúin luchtaithe phoiblí. Nuair a bhrúnn tú ar an luasaire, faigheann an mótar cumhacht ón gcadhnra, cumhacht a aistrítear chuig na rotha.

Ritheann feithicil leictreach (EV) ar leictreachas atá stóráilte i gcadhnraí seachas ar pheitreal ná ar dhíosal, rud a fhágann gur rogha níos glaine í don chomhshaol. Ní tháirgeann sí astaíochtaí ar bith agus í á tiomáint, rud a dhéanann a chion féin le truailliú aeir agus gáis cheaptha teasa a laghdú.

Cadhnra

Is féidir le haimsir fhuar dul i bhfeidhm ar an raon go sealadach, mar sin b’fhéidir go dtabharfaidh tú faoi deara laghdú beag ar an achar tiomána ar laethanta an-fhuar. Mar sin féin, is féidir réamhoiriúnú (an cadhnra a théamh roimh thiomáint leis) agus luchtú taobh istigh a dhéanamh chun feabhas a chur ar fheidhmíocht an chadhnra sa gheimhreadh.

Tá, déantar tástáil dhian ar chadhnraí EV le haghaidh sábháilteachta. Tógtar iad le córais bhainistíochta sofaisticiúla chun róthéamh a chosc agus chun luchtú sábháilte a chinntiú. Díríonn dul chun cinn i dteicneolaíocht na gcadhnraí freisin ar athchúrsáil agus diúscairt, d’fhonn an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú.

Nuair nach féidir cadhnra EV a úsáid a thuilleadh chun carr a thiomáint, bíonn úsáidí féideartha eile acu fós; sa stóráil fuinnimh nó san athchúrsáil, mar shampla. Is féidir cadhnraí EV caite a athúsáid chun fuinneamh in-athnuaite a stóráil nó iad a bhaint as a chéile chun ábhair luachmhara amhail litiam agus cóbalt a athchúrsáil.

Táirgtear cadhnraí EV le go mairfidh siad ar feadh i bhfad, go minic 10-15 bliana nó níos mó, agus tairgeann an chuid is mó de na monaróirí barántais 8 mbliana nó thart ar 160,000 km. Deartar na cadhnraí chun go mairfí an chuid is mó dá n-acmhainn fiú tar éis iad a úsáid go laethúil ar feadh na mblianta fada.

Chun lántairbhe a bhaint as an saolré, ná hídigh do chadhnra go hiomlán; luchtaigh go dtí thart ar 80-90% dá acmhainn lena úsáid go laethúil, agus páirceáil in áiteanna a bhfuil teocht mheasartha iontu nuair is féidir. Bíonn aipeanna ar fáil le go leor EVanna chun cabhrú leat na socruithe seo a bhainistiú go héasca. Tá feabhas leanúnach ag teacht ar theicneolaíocht na gcadhnraí EV, mar sin beidh feabhas ag teacht de réir a chéile ar a saolré, a raon, agus a neamhdhíobháltacht don comhshaol.

Luchtú

Braitheann an costas luchtaithe sa bhaile ar an ráta leictreachais atá agat, ach is iondúil go mbíonn sé i bhfad Éireann níos saoire ná carr peitril ar aon chuma. Tá go leor pointí luchtaithe poiblí inacmhainne ann freisin, agus is féidir le tiománaithe EV luchtú a dhéanamh istoíche le coigilteas breise a dhéanamh.

Tá cosúlacht ann idir EV a luchtú agus fón a luchtú. Déanann tú é a phlugáil isteach sa bhaile nó ag pointe luchtaithe poiblí, agus tugann tú am dó luchtú. Is gnách go mbíonn luchtairí baile níos moille, ach is féidir iad a úsáid thar oíche. An buntáiste a bhaineann le luchtairí tapa ag stáisiúin phoiblí ná go luchtaíonn siad an cadhnra níos tapa.

Tá, áirítear le bonneagar EV na hÉireann líonra fairsing luchtairí poiblí ar mhótarbhealaí, i lár cathracha, agus i gcarrchlóis. Tá siad sin léirithe ar aipeanna mapála éagsúla, rud a chuireann ar do chumas an luchtaire is gaire duit a aimsiú i gcónaí.

Cinnte, is féidir. Is féidir leat luchtaire baile a shuiteáil má tá cabhsa nó garáiste agat. Tá deontais ar fáil freisin a chabhróidh leat na costais suiteála a chlúdach. Má tá cónaí ort in árasán nó in árasán dhá urlár, tá níos mó tacaíochtaí deontais ná riamh cheana ar fáil chun córais luchtaithe chomhroinnte a shuiteáil. Tá tuilleadh sonraí ar fáil sa rannóg tacaíochtaí agus scéimeanna s’againne.

Costas

Tá praghsanna EV ag titim, agus múnlaí éagsúla ar fáil a oireann do bhuiséid éagsúla. Chomh maith leis sin, tá cuidiú deontais agus dreasachtaí cánach ar fáil freisin, rud a laghdaíonn an praghas, agus a fhágann gur fusa do chách an t-aistriú a dhéanamh. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar an leathanach tacaíochtaí agus scéimeanna.

Tá, go ginearálta bíonn sé níos saoire EV a rith. Bíonn na costais leictreachais in aghaidh an chiliméadair níos ísle ná peitreal nó díosal, agus laghdaítear costais chothabhála toisc go bhfuil níos lú páirteanna gluaisteachta ag EVanna.

Tá, cuireann Éire deontais suas le €3,500 ar fáil chun EV nua cheannach, agus tá tacaíochtaí breise ann dóibh siúd ar mian leo luchtaire baile a fháil, rud a laghdaíonn na costais tosaigh.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an leathanach tacaíochtaí agus scéimeanna.

Bíonn na costais reatha i bhfad níos ísle de ghnáth. Ar an meán, sábhálann tiománaithe EV go mór ar bhreosla, go háirithe má luchtaíonn siad a gcadhnraí thar oíche. Ar a bharr sin, bíonn níos lú costais chothabhála i gceist, rud a fhágann go mbíonn siad éifeachtach ó thaobh costais de le himeacht ama. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi dheontais agus coigiltis ar leith, féach ar an leathanach tacaíochtaí agus scéimeanna.

Cothabháil

Bíonn, faigheann go leor EVanna nuashonruithe bogearraí thar an líonra, rud a fhágann gur féidir leo a n-éifeachtúlacht a fheabhsú agus gnéithe breise a chur leo gan gá cuairt a thabhairt ar an díoltóir. Ní hamháin go bhfágann sé seo go mbíonn sé níos éasca EVanna a chothabháil, ach fágann freisin go mbíonn siad níos inacmhainne thar a saolré.

Ní bhíonn, tá níos lú páirteanna gluaisteacha ag EVanna ná mar atá ag carranna peitril nó díosail, agus mar sin bíonn níos lú seirbhísiú i gceist leo. Na seiceálacha rialta a dhéantar orthu, bíonn siad dírithe ar na boinn, na coscáin agus nuashonruithe bogearraí.

Ní gá, níl inneall traidisiúnta ag EVanna. Fágann sé seo nach mbíonn ort na leachtanna sa charr a sheiceáil agus a athsholáthar, rud a laghdaíonn na costais.

Úsáideann EVanna an coscánú athghiniúnach, rud a laghdaíonn caitheamh agus cuimilt na bpillíní coscáin. Fágann sé sin nach gcaitear coscáin EVanna chomh tapa céanna le carranna peitril agus díosail de ghnáth.

Deartar cadhnraí EVanna leis na blianta a sheasamh. Bíonn barántas 8-10 mbliana ag dul le formhór na EVanna, agus deartar iad le go mairfí an chuid is mó dá n-acmhainneacht go ceann i bhfad.

Raon

Is annamh a ritheann tiománaithe EVanna as cumhacht ós rud é go bhfuil líon na luchtairí poiblí atá ar fáil ag méadú an t-am ar fad. Mar sin féin, rud is fíor i gcás carranna peitril agus díosail chomh maith, ní mór an turas a phleanáil roimh ré, go mór mór má tá turas fada romhat. Tá an raon atá ag EVanna ag dul i bhfeabhas i gcónaí, rud a fhágann go bhfuil sé níos éasca ná riamh d’fhormhór na ndaoine stíl mhaireachtála leictreach a ghlacadh chucu féin go muiníneach.

Braitheann raon EVanna ar an múnla ar leith atá i gceist, ach mairfidh luchtú iomlán amháin idir 300-500 ciliméadar de ghnáth. Is leor é sin ó lá go lá, cinnte, ach is leor é freisin nuair is gá duit turas fada a dhéanamh. Tá sé d’acmhainn ag na múnlaí is fearr dul níos faide fós.

Beidh, d’fhéadfadh teochtaí foircneacha, go mór mór an fuacht, an raon a laghdú beagán. Tá córais ar bord ag an gcuid is mó de na EVanna chun teocht an chadhnra a bhainistiú, agus cuidíonn réamhoiriúnú na gcadhnraí roimh thiomáint chun an raon a choinneáil seasta.

De ghnáth, bíonn na taispeántais raoin cruinn agus téann siad in oiriúint don stíl tiomána atá agat. I gcás turais níos faide, is cabhair iad na haipeanna pleanála bealaigh chun na luchtairí atá ar fáil ar an tslí a thaispeáint duit.