Plean Cur Chun Feidhme 2024
Leagtar amach sa Phlean Cur Chun Feidhme seo na gníomhartha agus spriocanna insoláthartha a bheidh mar thaca chun an Straitéis Bonneagair Luchtaithe d’Fheithiclí Leictreacha a bhaint amach, sa mhéid go mbaineann na gníomhartha agus na spriocanna sin le scéimeanna luchtaithe, beartais agus cúrsaí straitéise.

Tá ceithre chuid sa Phlean Cur Chun Feidhme: An Plean Náisiúnta Luchtaithe d’Fheithiclí Leictreacha, Scéimeanna (go háirithithe maoiniú), Beartas agus Straitéis, agus Cumarsáid agus Tuairisciú.
Is éard a chuirfear ar fáil sa Phlean Cur Chun Feidhme agus sna leaganacha eile de a fhoilseofar amach anseo ná réimse cuimsitheach de bhearta nua níos leithne chun tacú le bonneagar luchtaithe d’fheithiclí leictreacha a sholáthar. Dá réir sin, tacóidh an bonneagar seo le huaillmhian an Phlean Gnímh ar son na hAeráide gur feithicil leictreach a bheidh i mbeagnach ceann as gach trí charr phríobháideacha faoin mbliain 2030.
Tacóidh gníomhartha comhlántacha ó bheartais agus straitéisí náisiúnta ábhartha eile le torthaí an Phlean Cur Chun Feidhme agus tacóidh seo ina sheal le spriocanna an Phlean Gnímh ar son na hAeráide a bhaint amach.
Déanfar athbhreithniú rialta ar an bPlean Cur Chun Feidhme (gach bliain ar a laghad) go dtí an bhliain 2025 chun ár rathúlacht a thomhas i ndáil le cuspóirí a bhaint amach. Fágfaidh sé sin go mbeimid in ann leasuithe a dhéanamh bunaithe ar an méid atá foghlamtha againn agus na leasuithe sin a chur i bhfeidhm ar aon phlean nua nó athchóirithe agus muid ag druidim le 2025.
Cuirfear an straitéis chun feidhme i gcomhar le gníomhaireachtaí poiblí eile, lena n-áirítear Bonneagar Iompair Éireann, an tÚdarás Náisiúnta Iompair, Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, ESB Networks, an Coimisiún um Rialáil Fóntais, agus údaráis áitiúla, agus i gcomhar le páirtithe leasmhara príobháideacha chomh maith.
Is ionann na gníomhartha cur chun feidhme atá liostaithe thíos agus gníomhaíochtaí tosaíochta don bhliain 2024. Ar a bharr sin, sainítear roinnt gníomhaíochtaí ardleibhéil a bheidh á gcur i bhfeidhm sa bhliain 2025.
Go sonrach, déanfar athbhreithniú agus plé ag deireadh 2024 ar fhorbairt scéimeanna agus ar thacaíocht maoinithe caipitil le haghaidh bonneagair in 2025.
Cliceáil thíos chun teacht ar an bplean cur chun feidhme