An Straitéis um Bonneagar Feithiclí Leictreacha, 2022-2025
Arna sheoladh in Eanáir 2023, leagann an Straitéis um Bonneagar Feithiclí Leictreacha, 2022-2025 amach an sprioc agus an straitéis atá againn chun líonra luchtaithe feithiclí leictreacha a chur ar fáil, chomh maith leis na bearta praiticiúla is gá a dhéanamh chun an líonra sin a chur ar fáil ar fud na tíre.

Áiríonn sé sin linn luchtairí ardchumhachta gach 60 km ar ár ngréasán mótarbhealaí, chomh maith le luchtú baile/árasáin, luchtú cinn scríbe agus luchtú comharsanachta cónaithe (lena n-áirítear moil nua soghluaisteachta).
Agus 14,000 aighneacht mar bhonn eolais fúithi, freagraíonn an straitéis don ghéarghá atá ann aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus an gá atá ann le haistriú straitéiseach agus cóir a dhéanamh chuig modhanna taistil inbhuanaithe.
Glacann an straitéis cur chuige a thugann tús áite do dhaoine, ag díriú ar na riachtanais éagsúla iompair atá ann ar fud na tíre.Mar bhonn eolais faoin straitéis, tá teicneolaíochtaí éagsúla agus roghanna éagsú laluchtaithe atá á bpíolótú in Éirinn faoi láthair.
Rinneadh Plean Forfheidhmithe a fhorbairt in éineacht leis an Straitéis Náisiúnta d’fhonn sraith tosaigh gníomhartha agus spriocanna insoláthartha a chur ar fáil chun tacú le cur i bhfeidhm na straitéise. Áirítear leis seo forbairt an Phlean um Luchtú Feithiclí Leictreacha ar an nGréasán Náisiúnta Bóithre agus an Phlean Réigiúnaigh agus Áitiúil um Líonra Luchtaithe d’Fheithiclí Leictreacha.