Tacóidh Fairsingiú na Scéime Deontais Ceannaigh ZEHDV le hAistriú Fhlít na hÉireann
D’fhógair an tAire Iompair Eamon Ryan inniu go bhfairsingeofar an Scéim Deontais Ceannaigh Feithiclí Tromshaothair Astaíochtaí Nialasacha (ZEHDV) atá ar bun faoi láthair. Cuirfear deontais ceannaigh ar fáil anois faoin scéim do bhonneagar athluchtaithe.

Déanann an scéim atá ar bun faoi láthair dícharbónú na hearnála lasta a chur chun cinn trí dheontais a chur ar fáil le feithiclí tromshaothair a cheannach a úsáideann breosla malartach, a sháraíonn caighdeáin chomhshaoil infheidhme an Aontais Eorpaigh, agus nach gceannófaí murach tacaíocht na scéime. Ligfidh fairsingiú na scéime d’iarratasóirí rathúla a bpointí luchtaithe féin iosta a chur isteach, agus éascóidh an scéim luchtú freisin timpeall ar mhoil lóistíochta, agus i nóid uirbeacha.
Dúirt an tAire Ryan, agus an fairsingiú á fhógairt aige:
“Ligeann fairsingiú na scéime le bonneagar luchtaithe a chur san áireamh do ghnólachtaí cistiú breise a fháil agus tacú leis an éileamh atá ag dul i méid ar luchtú iosta HGV. De réir mar a chuirtear brú breise ar ghnólachtaí dícharbónú a dhéanamh, teastaíonn réitigh iontaofa agus chost-éifeachtúla luchtaithe feithiclí leictreacha (EV) le cumhacht a sholáthar dá n-oibríochtaí. Tá mar aidhm ag fairsingiú an chláir reatha dul i ngleic le príomhbhac ar an ZEHDV a thabhairt isteach i bhflíteanna trí thacaíocht airgeadais a sholáthar do bhonneagar luchtaithe ZEHDV do chách, bíodh go bhfuil nó nach bhfuil feithicil ZEHDV acu nó go gceannaíonn nó nach gceannaíonn siad ceann”.
Riarfaidh Bonneagar Iompair Éireann an scéim shínte mar chuid den Scéim Deontais Ceannaigh ZEHDV atá ar bun faoi láthair. Glacfaidh gné thacaíochta bonneagair athluchtaithe HDV na scéime le hiarratais ó ghnólachtaí go luath in 2025.
Anuas air sin, d’fhógair an tAire freisin go dtabharfar cistiú isteach d’Iniúchadh Measúnaithe Flít.
Riarfaidh SEAI an tIniúchadh. Rachaidh sé chun sochair gnólachtaí trí mheasúnú a chur ar fáil dóibh a dhéanfaidh comhairleoir fuinnimh neamhspleách, a sholáthródh treoir maidir leis an aistriú chuig feithiclí astaíochtaí nialasacha.