Dréacht-Phlean um Líonra Luchtaithe Réigiúnach agus Áitiúil d’Fheithiclí Leictreacha
Is é an Dréacht-Phlean um Líonra Luchtaithe Réigiúnach agus Áitiúil d’Fheithiclí Leictreacha an dara cuid den Phlean maidir le Líonra Náisiúnta Luchtaithe Feithiclí Leictreacha agus leanann sé forbairt an Phlean maidir le Líonra Náisiúnta Bóithre Luchtaithe Feithiclí Leictreacha a seoladh le haghaidh comhairliúchán poiblí i mí Mheán Fómhair 2023.

Cuireann an plean seo bealach ar fáil chun líonraí réigiúnacha agus áitiúla de bhonneagar luchtaithe poiblí d’fheithiclí leictreacha a chur ar fáil níos tapa i gcathracha, bailte agus sráidbhailte ar fud na hÉireann, i gcomhréir le huaillmhianta náisiúnta agus Eorpacha araon maidir le hiompar níos glaine.
Cinntítear cur chuige comhtháite caighdeánaithe ann agus beidh sé faoi stiúir na n-údarás áitiúil, ag obair le chéile chun straitéisí réigiúnacha agus áitiúla a fhorbairt, chun feidhmiú céimneach aontaithe agus éifeachtúil bonneagair luchtaithe a chur chun cinn, rud a éascóidh an t-aistriú cothromasach chuig feithiclí leictreacha.
Tá an plean seo comhlántach don Phlean maidir le Líonra Náisiúnta Bóithre Luchtaithe Feithiclí Leictreacha a dhíríonn ar leathnú náisiúnta an ghréasáin luchtaithe ardchumhachta ar bhóithre an Mhótarbhealaigh, Ten-T agus Náisiúnta.
Spreagfaidh an Plean um Líonra Náisiúnta Luchtaithe d’Fheithiclí Leictreacha agus na tionscnaimh atá ann an soláthar bonneagair luchtaithe le teacht roimh an éileamh agus na ceanglais den AFIR a bhaineann le LGVanna agus HGVanna a bhaint amach faoi 2025.
Le teacht ar an gcomhairliúchán poiblí, cliceáil anseo.