Skip to main content
11.01.25

An féidir cumhacht a sholáthar don teach ó d’fheithicil leictreach (EV) le linn gearrtha cumhachta?

Is féidir – féadfaidh úinéirí EV a gcuid carranna a úsáid mar fhoinse chumhachta, ach braitheann sé ar an gcineál EV atá agat agus an trealamh ceart a bheith agat. 

image of driver recharging

Conas a n-oibríonn sé?

Tá feidhm luchtaithe déthreoch ag roinnt EV, nó teicneolaíocht feithicil-go-baile (V2H). Ligeann sé seo don charr leictreachas a chur ar ais go córas leictreach an tí. Níl an cumas seo ag gach EV go fóill, ach tacaíonn roinnt cineálacha leis cheana féin – ar nós an Nissan Leaf, Ford F-150 Lightning, agus Hyundai Ioniq 5.

 

Céard a theastaíonn uait?

Má thacaíonn do EV le luchtú déthreoch, beidh na nithe seo a leanas uait:

  • Luchtaire déthreoch baile – chun cumhacht a chur ar ais ón gcarr go dtí an teach
  • Córas bainistíochta fuinnimh baile – chun an leictreachas a dháileadh go sábháilte
  • Is féidir le leictreoir cáilithe an córas a chur ar bun chun oibriú le soláthar cumhachta an tí. 

 

Cé chomh fada a sholáthróidh sé cumhacht don teach?

Tá 40–100 kWh d’fhuinneamh sa cheallra tipiciúil EV. Chun é sin a fheiceáil ina cheart:

  • D’fhéadfadh EV beag (40 kWh) cumhacht a sholáthair d’fhearais tí ar feadh an lae.
  • D’fhéadfadh EV níos mó (80+ kWh) teach meánmhéide in Éirinn a choinneáil ag feidhmiú ar feadh dhá lá nó níos mó.
  • Má chuireann tú cumhacht ar fáil do na bunriachtanais amháin – soilse, an cuisneoir, agus luchtairí fón – is féidir fad níos faide a bhaint as an gcumhacht 

 

Conas a úsáidtear é?

Má tá an socrú réidh:

  • Plugáil an EV isteach sa luchtaire déthreoch nuair a theipeann an gcumhacht.
  • Cuir tús leis an modh cúltaca i gcóras fuinnimh baile an tí – scaireann sé seo amach an teach ó nasc an eangaí agus tú ag soláthar cumhachta ón bhfeithicil chuig an teach agus is meicníocht shábháilteachta riachtanach é chun luchtú ó fheithicil-go-baile a bhainistiú.
  • Tosóidh ceallra do chairr ag soláthar cumhachta chuig an teach, ag coinneáil fearais chriticiúla ag feidhmiú.
  • Chomh luath agus atá an eangach curtha ar ais, iompaíonn an córas ar ais go cumhacht phríomhlíonra

 

Cad a tharlaíonn muna bhfuil luchtú déthreoch ag mo EV?

Muna thacaíonn do EV le V2H, is féidir leat é a úsáid fós do chumhacht éigeandála:

  • Tá cumas ‘feithicil-go-lód’ ag EV áirithe, ar nós an Hyundai Ioniq 5 agus an Kia EV6, a ligeann duit gléasanna a phlugáil isteach go díreach, ag úsáid cuibhneora ar leith. Ní sholáthróidh sé seo cumhacht don teach ar fad, ach coinneofar bunriachtanais ar nós ríomhaire glúine, citeal, nó téitheoir ag feidhmiú. 

 

An bhfuil sé sábháilte?

Tá – má shuiteáileann duine proifisiúnta i gceart é. Déanann an córas cinnte nach gcuireann do EV agus eangach baile isteach ar a chéile. Cuireann sé cosc freisin ar leictreachas fothú ar ais chuig an eangach, a d’fhéadfadh a bheith dáinséireach do chriúnna deisithe atá ag obair ar línte cumhachta. 

 

An todhchaí do Chumhacht Baile an EV

Tá Éire ag bogadh anois i dtreo réiteach fuinnimh níos cliste, agus is dócha go mbeidh luchtú déthreoch níos coitianta. Seans go mbeidh an cumas do EV a úsáid mar fhoinse chumhachta chúltaca mar ghné chaighdeánach go luath, rud a thabharfadh suaimhneas intinne d’úinéirí tí. 

 

Mar Chonclúid

Má tá tú ag smaoineamh ar an dteicneolaíocht seo a úsáid, labhair le leictreoir, nó le mangaire EV maidir lena bhfuil ar fáil – agus a lena mbeidh ag teacht go luath. Seans go mbeidh do charr mar an fhoinse chumachta chúltaca is fearr agat i ngan fhios duit!