An mhíthuiscint is mó faoi EVanna
Tá níos mó feithiclí leictreacha (EVanna) á dtabhairt faoi deara ar na bóithre ar fud na hÉireann agus an domhain, ach tá go leor míthuisceana ann go fóill faoina bpraiticiúlacht, faoina gcostais, agus faoin tionchar a imríonn siad ar an gcomhshaol. Déantar plé san alt thíos ar roinnt samplaí den mhíthuiscint is mó faoi EVanna.

1. Míthuiscint: Tá feithiclí leictreacha ródhaor.
Fíric: Cé gur gnách go mbíonn costais tosaigh níos mó ar EVanna, bíonn siad níos inacmhainne san fhadtéarma, de ghnáth. Is ísle an costas leictreachais ná an costas peitril nó díosail, agus teastaíonn níos lú cothabhála ó EVanna mar gheall go bhfuil níos lú páirteanna gluaisteacha iontu. Ar a bharr sin, cuirtear deontais, buntáistí cánach, agus dreasachtaí ar fáil in go leor tíortha, Éire ina measc, a chabhraíonn leis an bpraghas ceannaigh a ísliú. Dúntar bearna an phraghais tosaigh freisin de réir mar a bhaineann múnlaí EV níos inacmhainne an margadh amach.
2. Míthuiscint: Níl raon dóthanach ag EVanna.
Fíric: Fíorbhuairt í imní faoi raon i measc go leor daoine, ach is féidir le EVanna nua-aimseartha taisteal níos faide tar éis luchtú amháin ná mar a cheapann daoine. Tá raon 300-400 ciliméadar ag gnáthcharr leictreach anois, agus tá raon breis agus 500 ciliméadar ag roinnt múnlaí ardleibhéil. Nuair a chuirtear san áireamh go dtiomáineann tiománaithe Éireannacha níos lú ná 50 ciliméadar sa lá, ar an meán, bíonn dóthain raoin agus tuilleadh ag formhór na EVanna lena n-úsáid gach lá. Tá fairsingiú ag teacht ar ghréasáin luchtaithe freisin, a dhéanann níos éasca é pointí luchtaithe a aimsiú, go háirithe feadh na bpríomh-mhótarbhealaí agus i gceantair uirbeacha.
3. Míthuiscint: Tá sé ródheacair EVanna a luchtú agus glacann sé an iomarca ama.
Fíric: Tá luchtú éirithe i bhfad níos inrochtana agus níos tapúla le blianta beaga anuas. Is féidir le luchtairí baile carr a luchtú go hiomlán thar oíche, agus bíonn seo áisiúil i gcás sceidil fhormhór na ndaoine. Tá fairsingiú ag teacht ar an mbonneagar luchtaithe phoiblí, agus tá luchtairí tapa á gcur isteach ar féidir leo go leor luchta a chur isteach i do chadhnra laistigh de 20-30 nóiméad fiú. Tá luchtairí fíorthapa á dtabhairt isteach freisin, agus tá níos mó stáisiún ar na bacáin go gairid amach anseo.
4. Míthuiscint: Ní dhéanann feithiclí leictreacha díobháil níos lú don chomhshaol, i ndáiríre.
Fíric: Baineann buntáiste soiléir comhshaoil le feithiclí leictreacha, go háirithe nuair a úsáidtear foinsí fuinnimh in-athnuaite le hiad a luchtú. Cruthaíonn EVanna i bhfad níos lú astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcaitheamh a saolré i gcomparáid le carranna peitril nó díosail, fiú nuair a chuirtear an costas ó thaobh an chomhshaoil san áireamh atá ar chadhnraí a tháirgeadh. Tá níos mó cumhachta á soláthar i gcónaí ag fuinneamh in-athnuaite, cosúil le fuinneamh gaoithe agus gréine, d’eangach fuinnimh na hÉireann, agus déanann seo rogha fiú níos glaise de EVanna.
5. Míthuiscint: Ní mhaireann cadhnraí EV i bhfad agus tá siad costasach lena n-athsholáthar.
Fíric: Tá dul chun cinn mear déanta ag teicneolaíocht chadhnraí EV, agus cuirtear barántais 8-10 mbliana nó thart ar 160,000 ciliméadar ar fáil anois le formhór na gcadhnraí. Is cosúil go mbíonn bail mhaith ar na cadhnraí in go leor EVanna i bhfad tar éis na mbarántas seo, agus nach dtagann ach díghrádú beag ar a n-acmhainn. Nuair is gá cadhnraí nua a cheannach, tá laghdú ag teacht ar a gcostais, agus tá modhanna athchúrsála ag dul i bhfeabhas, agus is inbhuanaithe an rogha anois iad EVanna ná mar a bhí siad riamh roimhe seo dá mbarr.
6. Míthuiscint: Ní féidir le heangach leictreachais na hÉireann líon mór EVanna a láimhseáil.
Fíric: Cé go dteastóidh uasghráduithe ón eangach chun tacú le todhchaí ina mbeidh gach feithicil ina feithicil leictreach, tá soláthraithe fuinnimh ag ullmhú don aistriú seo, agus ligeann roghanna luchtaithe chliste do EVanna luchtú i rith uaireanta seachbhuaice nuair a bhíonn an t-éileamh íseal. I bhfírinne, is féidir le EVanna fiú cabhrú leis an eangach a dhaingniú trí fhuinneamh a stóráil agus scaoileadh leis ar ais nuair a theastóidh sé i gcórais “ó fheithicil go heangach”.
Achoimre
Baineann réimse tairbhí le feithiclí leictreacha agus tá siad ag éirí níos praiticiúla gach bliain. Cé nach bhfuil feithicil ar bith gan locht, tá go leor den ghnáthimní faoi EVanna bunaithe ar eolas as dáta nó ar mhíthuiscint. Is rogha chliste iad EVanna i measc líon méadaitheach tiománaithe ar fud na hÉireann nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil níos mó roghanna luchtaithe, múnlaí inacmhainne, agus buntáistí éiceabhácha ann.