Comhairliúchán poiblí ar na Dréacht-Treoirlínte maidir le Dearadh Uilíoch le haghaidh Bonneagar Luchtaithe EV ar oscailt
Sheol an tAire Iompair, Eamon Ryan T.D., comhairliúchán poiblí inniu ar na dréacht-Treoirlínte um Dhearadh Uilíoch don Bhonneagar Luchtaithe Feithiclí Leictreacha (EV) ar fud na tíre.

Is é ZEVI, oifig de chuid na Roinne Iompair, a d’fhorbair na dréacht-treoirlínte chun tacú le thabhairt isteach an bhonneagair nua trí dhea-chleachtais idirnáisiúnta agus tionscail a shainaithint agus trí dhul i dteagmháil le grúpa éagsúil páirtithe leasmhara, lena n-áirítear páirtithe leasmhara náisiúnta iompair amhail an tÚdarás Náisiúnta Iompair, saineolaithe idirnáisiúnta maidir le hinrochtaineacht, eagraíochtaí ar son daoine faoi mhíchumas, comhlachais maidir le míchumas agus oibreoirí pointí luchtaithe, chun raon leathan riachtanais úsáideora a shainaithint.
Tugtar achoimre sna Treoirlínte ar phríomhcheisteanna maidir le hinrochtaineacht agus stáisiúin luchtaithe feithiclí leictreacha á suiteáil, lena n-áirítear dearadh an stáisiúin luchtaithe féin, inrochtaineacht an láithreáin, agus faisnéis agus cumarsáid chun úsáideoirí a chur ar an eolas roimh sheisiún luchtaithe, lena linn, agus ina dhiaidh.
Agus an comhairliúchán poiblí á sheoladh aige, dúirt an tAire Ryan:
“Níl aon treoirlínte sonracha in Éirinn faoi láthair a thugann moltaí bunaithe ar an dearadh uilíoch le haghaidh bonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha. Tá deis an tús úir againn leis seo a dhéanamh i gceart – le bheith inár gceannairí don inrochtaineacht agus feidhmiúlacht don domhan. Forbraíodh na Treoirlínte maidir le Dearadh Uilíoch le haghaidh Bonneagar Luchtaithe Feithiclí Leictreacha chun tacú le bonneagar luchtaithe atá dea-dheartha agus éasca le húsáid a chur i bhfeidhm ar fud na tíre. Tá na Treoirlínte á gcur ar fáil mar chúnamh teicniúil chun cuidiú linn bonneagar a bheidh inrochtana agus éasca le húsáid ag cách a dhearadh, a shuiteáil agus a oibriú.”
Tá na Treoirlínte beartaithe le tacú leis an Straitéis Náisiúnta maidir le Bonneagar Luchtaithe Feithiclí Leictreacha, 2022-2025, a seoladh níos luaithe i mbliana, agus leis an ngealltanas líonra náisiúnta luchtaithe feithiclí leictreacha a sholáthar ar fud na tíre. Mar chuid den ghealltanas, tá roinnt scéimeanna ag dul beo, lena n-áirítear Scéim Luchtaithe Feithiclí Leictreacha an Oileáin Chomhroinnte do Chlubanna Spóirt. Leis seo suiteálfar mear-luchtú atá inrochtana don phobal do chlubanna spóirt agus pobail ar fud oileán na hÉireann. Tosófar ar an obair faoin scéim sin go luath in 2024.
Is é an spriocdháta chun páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí ná 5i.n. Dé Máirt, an 26 Meán Fómhair 2023, agus tar éis comhairliúchán poiblí a dhéanamh, déanfar na treoirlínte a athbhreithniú agus a fhoilsiú.