Comhairliúchán Poiblí maidir leis an bPlean um Líonra Náisiúnta Luchtaithe ar an tSlí d’Fheithiclí Leictreacha ar Oscailt Anois
Inniu sheol an tAire Iompair, Eamon Ryan TD, comhairliúchán poiblí maidir leis anbPlean um Líonra Náisiúnta Luchtaithe ar an tSlí d’Fheithiclí Leictreacha lena suiteálfar luchtairí gach 60km ar bhóithre móra.

Arna fhorbairt ag Feithiclí Astaíochta Nialasacha Éireann (ZEVI), oifig thiomanta de chuid na RoinneIompair, sainaithnítear sa Phlean um Líonra Náisiúnta Luchtaithe ar an tSlí d’Fheithiclí Leictreacha an leibhéal bonneagair luchtaithe a theastaíonn le go bhféadfaidh an gréasán bóithre náisiúnta teacht roimh an éileamh ó thiománaithe feithiclí leictreacha, grúpa atá ag fás go tapa. Áirítear leis sin na céimeanna is gá le go n-éireoidh le cur chun feidhme agus soláthar, chomh maith le hamlínte agus na tacaíochtaí maoinithe a d’fhéadfaí a chur ar fáil le soláthar a luasghéarú.
Agus an comhairliúchán poiblí á sheoladh aige, dúirt an tAire Ryan:
“Spreagfaidh an Plean um Líonra Náisiúnta Luchtaithe d’Fheithiclí Leictreacha soláthar bonneagair luchtaithe ar an nGréasán Bóithre Náisiúnta. Leagtar amach sa Phlean spriocanna uaillmhianacha maidir leis an leibhéal agus an clúdach a bheidh ag teastáil le haghaidh Luchtú ar an tSlí ar ár ngréasán bóithre náisiúnta. Feictear cheana féin go bhfuil méadú suntasach tagtha ar acmhainneacht luchtaithe EVanna ar ár mbóithre náisiúnta, agus tugann an plean seo athdhearbhú agus cinnteacht bhreise do thiománaithe EVanna agus dóibh siúd atá ag smaoineamh ar athrú chuig EVanna go mbeidh siad in ann teacht ar phointí luchtaithe ardchumhachta d’fheithiclí leictreacha san áit agus san uair a dteastaíonn siad uathu.
Leagtar amach sa Phlean soláthar luchtaithe d’fheithiclí leictreacha a bheidh ag teacht roimh an éileamh. Déanfar an Plean seo a chur i bhfeidhm trí naisc níos fearr leis an eangach, idirghabhálacha maoinithe agus bearta cumasúcháin, rudaí a chuirfidh deireadh le bacainní agus a luasghéaróidh soláthar an luchtaithe ardchumhachta d’fheithiclí leictreacha. Is é an Plean um Líonra Náisiúnta Luchtaithe ar an tSlí d’Fheithiclí Leictreacha an chéad ghné den Phlean um Líonra Náisiúnta Luchtaithe d’Fheithiclí Leictreacha, a dhéanfaidh plé le gach cineál luchtaithe a bhfuil fáil ag an bpobal air. Chomh maith le bonneagar luchtaithe ar an tslí, tá Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha Éireann (ZEVI) ag obair as lámha a chéile le húdaráis áitiúla freisin le gnéithe eile den phlean náisiúnta seo a fhorbairt, an luchtú cinn scríbe agus comharsanachta ina measc”.
D’fháiltigh Jack Chambers TD, an tAire Stáit sa Roinn Iompair a bhfuil freagracht ar leith aige as Iompar Idirnáisiúnta, Iompar ar Bóthar agus Lóistíocht, roimh an seoladh inniu agus dúirt: “Is céim dhearfach chun cinn é seoladh an Phlean um Líonra Náisiúnta Luchtaithe ar an tSlí d’Fheithiclí Leictreacha ó thaobh spriocanna uaillmhianacha na hÉireann maidir le bonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha. Le bheith chun tosaigh ar an éileamh, tá sé ríthábhachtach an bonneagar sin a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Príomhfheidhmeannaigh TII agus BSL araon as a dtacaíocht agus as a gcomhoibriú san iarracht náisiúnta chomhroinnte seo, agus molaim obair an dá eagraíocht sin ar an mbealach ar aghaidh chuig iompar níos glaise agus níos glaine do chách.
Is céim thábhachtach é an Plean a mhéid a bhaineann le soláthar na Straitéise Náisiúnta maidir le Bonneagar Luchtaithe Feithiclí Leictreacha, 2022-2025, a seoladh níos luaithe i mbliana, agus a mhéid a bhaineann leis an ngealltanas chun líonra náisiúnta luchtaithe d’fheithiclí leictreacha a sholáthar ar fud na tíre.
Tacóidh sé freisin leis an gCaibidil faoi Iompar in uaillmhianta CAP an Rialtais agus leis na céimeanna is gá chun astaíochtaí carbóin na hÉireann a laghdú i dtreo earnáil iompair a bheidh dícharbónaithe go hiomlán faoi 2050.
Is é 5 i.n., Dé hAoine, an 10 Samhain 2023 an spriocdháta chun páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí. Déanfar anailís agus meastóireacht ar na freagraí ansin, agus beidh siad mar bhonn eolais faoin doiciméad deiridh, a fhoilseofar go luath in 2024.
Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun do thuairim a thabhairt, téigh chuig