Luchtairí d’Fheithiclí Leictreacha: Céard í an difríocht idir CHAdeMO agus CCS?
Agus feithiclí leictreacha ag éirí níos coitianta, seans go mbeidh tuiscint ar na caighdeáin éagsúla luchtaithe, mar CHAdeMO agus CCS, ina cuidiú agat cinntí eolasacha a dhéanamh faoi na roghanna atá agat maidir le feithiclí leictreacha agus luchtú. Seo treoir shimplí ar na príomhdhifríochtaí.

1. Céard iad CHAdeMO agus CCS?
Seasann CHAdeMO do “Charge de Move” agus is caighdeán luchtaithe é a forbraíodh sa tSeapáin. Tá sé deartha go sonrach le haghaidh an mhearluchtaithe SD agus é in úsáid go forleathan i bhfeithiclí leictreacha ó bhrandaí amhail Nissan (m.sh., Nissan Leaf) agus Mitsubishi. Tá cáil ar CHAdeMO as bheith iontaofa agus as a phlocóid chruinn, thoirtiúil.
Tá an nascóir CCS (Combined Charging System) in ann don ghnáthluchtú SA agus don mhearluchtú SD araon, rud a fhágann go bhfuil sé ilfheidhmeach. Is caighdeán domhanda é, go háirithe san Eoraip, agus é in úsáid fhorleathan ag monaróirí amhail Volkswagen, BMW, Tesla (san Eoraip), agus Ford.
2. Luas agus Cumhacht
Is iondúil go seachadann CHAdeMO suas le 50 kW, cé gur féidir le leaganacha nua dul níos airde (suas le 400 kW i gcorrchás). Rogha mhaith é d’fheithiclí leictreacha atá ag dul anonn sna blianta nó do na daoine siúd nach bhfuil gá acu leis an ultra-mhearluchtú.
Tacaíonn CCS le luchtú i bhfad níos tapa – níos mó ná 350 kW i gcuid mhaith cásanna. Fágann sé sin go bhfuil sé an-oiriúnach d’fheithiclí leictreacha a bhfuil ceallraí móra iontu. Ligeann sé do dhaoine a gceallraí a luchtú go hiontach tapa agus is é sin an fáth gurb é an caighdeán don taisteal fadraoin é.
3. Comhoiriúnacht
Is iad na brandaí Seapánacha is mó a úsáideann CHAdeMO. Seanmhúnlaí den Nissan Leaf agus den Mitsubishi Outlander, cuir i gcás. Níl siad chomh coitianta san Eoraip ná i margaí domhanda eile agus a bhíodh, áfach, toisc gurb é CCS an caighdeán a úsáideann formhór na bhfeithiclí leictreacha nua anois.
Úsáidtear CCS go forleathan ar fud na hEorpa, sna Stáit Aontaithe agus níos faide i gcéin. Tacaíonn beagnach gach feithicil nua a dhíoltar san Eoraip le CCS, feithiclí Tesla san áireamh.
4. Fáil ar luchtairí
Tacaíonn go leor stáisiúin luchtaithe in Éirinn le CHAdeMO go fóill, ach tá laghdú ag teacht ar líon na luchtairí CHAdeMO de réir mar a thosaíonn líonraí ag díriú ar CCS. Tá na luchtairí sin ina rogha mhaith dóibh siúd a bhfuil feithicil leictreach níos sine acu, ach seans maith go n-éireoidh siad gann amach anseo.
Níl aon amhras ach gurb é CCS an caighdeán ceannasach anois in Éirinn agus fud fad na hEorpa, agus níos mó luchtairí CCS á suiteáil i gcónaí.
5. Amach anseo
Tá tionscal na bhfeithiclí leictreacha ag dul le CCS mar an caighdeán sa chuid is mó de na réigiúin lasmuigh den tSeapáin. Cé nach bhfuil fadhb ar bith le CHAdeMO do na feithiclí atá ar an mbóthar cheana féin, is é is dóichí ná go bhfuil CHAdeMO ar an dé deiridh.
Cé acu ceann ba chóir dom a roghnú?
Má tá feithicil leictreach agat cheana féin, b’fhearr cloí leis an gcaighdeán atá ag do charr. Tá luchtairí CHAdeMO ar fáil go forleathan go fóill agus beidh siad ag obair go ceann na mblianta. Má tá sé i gceist agat feithicil leictreach nua a cheannach, áfach, b’fhéidir gurbh fhearr dul le ceann CCS lena chinntiú go mbeidh fáil agat ar na luchtairí is tapa agus ar na líonraí luchtairí is mó.
Focal scoir
Roghanna iontaofa iad CHAdeMO agus CCS araon, ach níl aon amhras ach go mbeidh CCS ag formhór mór na gcarranna san Eoraip amach anseo. Má tá feithicil leictreach níos sine agat, beidh luchtairí CHAdeMO in ann freastal ort go ceann i bhfad. Má tá tú ag ullmhú don am atá le teacht, áfach, is é CCS an rogha is tapa agus is solúbtha, agus tá an glacadh is forleithne leis.