Skip to main content
16.09.24

Os cionn 220 Club Spóirt i dTeideal Cur Isteach ar Phointí Luchtaithe Nua d’Fheithiclí Leictreacha

Ar fud oileán na hÉireann, tá os cionn 220 club spóirt i dteideal cur isteach ar chiste maoinithe €15m chun Luchtairí nua d’Fheithiclí Leictreacha a shuiteáil ar a bhfearainn lena n-úsáid ag a mbaill agus ag cuairteoirí.

sport scheme ev charging

Ó Chúil Raithin go Corcaigh, meastar go bhfuil 227 club spóirt - ó chlubanna gailf go clubanna CLG - i dteideal tairbhe a bhaint as cur chun feidhme Scéim Luchtaithe Feithiclí Leictreacha an Oileáin Chomhroinnte do Chlubanna Spóirt.

Tá an Scéim á maoiniú trí Thionscnamh Oileáin Chomhroinnte an Rialtais agus trí mhaoiniú bonneagair ZEVI. Clúdaíonn sé costas suiteála na bpointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha ag saoráidí clubanna spóirt atá cleamhnaithe le comhlachtaí rialaithe náisiúnta aitheanta. San iomlán, tá 48 club ar fud Thuaisceart Éireann agus 179 in Éirinn i dteideal dul ar aghaidh anois go dtí an chéad chéim eile den phróiseas. Beidh na clubanna incháilithe in ann an maoiniú faoi chomhair shuiteáil na bpointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha a tharraingt anuas, ach teacht ar chomhaontú ar dtús le hoibritheoir Pointí Luchtaithe ón bpainéal réamhfhaofa. Táthar ag súil leis go gcuirfí sé seo go mór leis na hiarrachtaí chun an luchtú poiblí d’fheithiclí leictreacha a chur chun cinn i bpobail áitiúla ar fud an oileáin agus go dtabharfaidh sé deis do chlubanna ioncam a shaothrú ó shuíomhanna a bheidh tarraingteach ó thaobh cúrsaí tráchtála de dá bharr.

Ag fáiltiú roimh an bhfógra, dúirt an Taoiseach Simon Harris:

“Tá lúcháir orm go bhfuil glacadh chomh fonnmhar sin le Scéim Luchtaithe Feithiclí Leictreacha an Oileáin Chomhroinnte do Chlubanna Spóirt. Is sampla eile é seo den tsárobair atá á déanamh ag clubanna spóirt ar fud na tíre agus ag na daoine ar fad atá páirteach sa scéim seo. Beidh tionchar dearfach ag an obair seo ar bhailte agus sráidbhailte an oileáin seo. Feabhsóidh an leithdháileadh €15m seo ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte rochtain an phobail ar sheirbhísí luchtaithe ar fud ár mbailte, sráidbhailte agus cathracha.”

Arsa an Tánaiste Micheál Martin:

“Sampla iontach eile í Scéim Luchtaithe Feithiclí Leictreacha an Oileáin Chomhroinnte do Chlubanna Spóirt den ról is féidir le clubanna spóirt a imirt i gcroílár a bpobail áitiúil. Is iontach an acmhainn a bheidh sa bhonneagar seo, agus déanfaidh sí a cion féin le saol inbhuanaithe, comhroinnte a chur chun cinn ar an oileán seo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na hoibrithe deonacha a chur iarratais isteach, agus tá lúcháir orm go bhfuil an oiread sin acu ag dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile sa phróiseas.”

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Iompair Eamon Ryan:

“Tá sé mar aidhm againn a chinntiú go mbeidh luchtairí d’fheithiclí leictreacha suite in áiteanna straitéiseacha atá oiriúnach do ghníomhaíochtaí agus iompraíocht laethúil an phobail. Tá an-chiall leis mar sin go mbeadh deis ag daoine, agus iad ag dul chuig a gclubanna spóirt áitiúla chun na páistí a fhágáil, féachaint ar chluiche, babhta gailf a imirt nó fiú traenáil a dhéanamh ar an bpáirc imeartha iad féin, go mbeadh deis acu a bhfeithiclí leictreacha a luchtú fad atá siad ann.

“Níl sna luchtairí seo sna clubanna spóirt ach cuid den infheistíocht náisiúnta €100m atá á déanamh againn i mbonneagar d’fheithiclí leictreacha le freastal ar bhóithre náisiúnta, cinn scríbe agus ceantair chomharsanachta mar chuid de Scéim Infreastruchtúr Feithiclí Leictreacha na hÉireann. Táim ag súil go mór leis an gcéad chéim eile anois, gan trácht ar chur ar fáil an bhonneagair féin sna míonna amach romhainn.

Arsa an tAire Spóirt, Catherine Martin:

“Ach prionsabail inbhuanaitheachta a fhí isteach ina gcuid oibríochtaí, gníomhaíochtaí agus ócáidí, is féidir leis an earnáil spóirt ról tábhachtach a imirt maidir lenár bhfreagrachtaí agus spriocanna comhshaoil agus athraithe aeráide a chomhlíonadh. Ní mór don fhorbairt agus don athfheistiú a dhéantar i mbonneagar spóirt a bheith ag teacht lenár spriocanna maidir le laghdú agus éifeachtúlacht úsáide fuinnimh.

“Tá clubanna spóirt i gcroílár ár bpobal agus tacaíonn an Scéim seo leo ról ceannaireachta a bheith acu sna hiarrachtaí ar son na hinbhuanaitheachta agus an ghníomhaithe ar son na haeráide. Feabhsóidh an Scéim na saoráidí atá ann faoi láthair, agus cabhróidh sí le clubanna freastal níos fearr a dhéanamh ar riachtanais a mball.

“B’údar misnigh dom a mhéad clubanna ar fud an oileáin a chuir in iúl go raibh siad ag iarraidh pointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha a shuiteáil. Beidh ról tábhachtach ag an mbonneagar luchtaithe seo in aistear na hÉireann i dtreo na hinbhuanaitheachta agus tabharfaidh sé deis do go leor ball páirt níos gníomhaí ná riamh a ghlacadh i saol a gclubanna.”

Fuair an Scéim 295 iarratas san iomlán. Díobh seo, shásaigh 227 na critéir incháilitheachta agus oiriúnachta agus tá siad i dteideal anois cur isteach ar an gcéim dheireanach den scéim. Níor éirigh le roinnt iarratas ar an gcúis nár shásaigh siad roinnt de na bunriachtanais, lena n-áirítear: níor chuir siad ceadúnas isteach chun cuairteanna ar an láthair a éascú, ní raibh soláthar leictreachais trí phas agus/nó leithris ar an láthair ná laistigh d’achar 500m.

Anseo thíos agus ar láithreán gréasáin gov.ie gheobhaidh tú liosta iomlán na gclubanna spóirt atá i dteideal iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú.