Straitéis nua fógartha ag an Aire Ryan chun Luchtú d’Fheithiclí Leictreacha a chur ar fáil in Údaráis Áitiúla ar fud na hÉireann
Sheol an tAire Iompair, Eamon Ryan, T.D., inniu bearta nua do sheachadadh an líonra luchtaithe d’fheithiclí leictreacha ar fud na hÉireann.

Sheol an tAire Ryan an foilseachán deiridh den Phlean um Luchtú Feithiclí Leictreacha ar an Líonra Náisiúnta Bóithre, tar éis comhairliúchán poiblí, agus na Treoirlínte um Dhearadh Uilíoch don Bhonneagar Luchtaithe Feithiclí Leictreacha.
Leagtar amach sa Phlean maidir le Líonra Náisiúnta Bóithre Luchtaithe Feithiclí Leictreacha an mian go gcuirfí ar fáil luchtú d’fheithiclí leictreacha ar an líonra náisiúnta bóithre. Áiríonn sé seo linn luchtairí ardchumhachta gach 60 km ar ár ngréasán mótarbhealaí chomh maith le luchtú baile/árasán, luchtú cinn scríbe agus luchtú comharsanachta cónaithe (lena n-áirítear moil nua shoghluaisteachta). Cuireann na Treoirlínte um Dhearadh Uilíoch cúnamh teicniúil ar fáil le cinntiú gur féidir le cách an dearadh, an tsuiteáil agus bonneagar oibriúcháin na stáisiún luchtaithe feithiclí leictreacha a úsáid go héasca agus go réidh.
Is céimeanna tábhachtacha iad seo chun an tStraitéis Náisiúnta maidir le Bonneagar Luchtaithe Feithiclí Leictreacha 2022–2025 a chur ar fáil, agus in éineacht le chéile, is ionann iad agus an Plean Náisiúnta don líonra luchtaithe feithiclí leictreacha ar fud na tíre.
Tacóidh siad freisin leis an gCaibidil faoi Iompar in uaillmhianta CAP (Plean Gníomhaíochta Aeráide) an Rialtais agus leis na céimeanna is gá chun astaíochtaí carbóin na hÉireann a laghdú i dtreo earnáil iompair a bheidh dícharbónaithe go hiomlán faoi 2050.
Dúirt an tAire Ryan:
“Is é an Plean Náisiúnta Bóithre an chéad chuid de Phlean maidir le Líonra Náisiúnta Luchtaithe Feithiclí Leictreacha, agus díríonn sé ar luchtú ar an tslí ar na Mótarbhealaí, ar na Príomhbhóithre agus ar na Bóithre den Dara Grád. Leagtar amach sa Phlean spriocanna uaillmhianacha maidir leis an leibhéal agus an clúdach a bheidh ag teastáil le haghaidh luchtaithe ar ár ngréasán bóithre náisiúnta, lena n-áirítear luchtairí a shuiteáiltear gach 60km ar na príomhbhóithre.
Forbraíodh na Treoirlínte um Dhearadh Uilíoch chun tacú le bonneagar luchtaithe atá dea-dheartha agus éasca le húsáid a chur i bhfeidhm ar fud na tíre. Forbraíodh na Treoirlínte tar éis athbhreithniú ar dhea-chleachtais idirnáisiúnta agus tionscail agus ar theagmháil le grúpa éagsúil geallsealbhóirí, agus cuireann siad an deis ar fáil a bheith inár gceannairí go domhanda ó thaobh na hinrochtaineachta agus na feidhmiúlachta.
Tugann an dá bheart athdhearbhú agus cinnteacht bhreise do thiománaithe feithiclí leictreacha agus dóibh siúd atá ag smaoineamh ar athrú chuig feithiclí leictreacha go mbeidh siad in ann teacht ar phointí luchtaithe ardchumhachta d’fheithiclí leictreacha san áit agus san uair a dteastaíonn siad uathu.”
D’fhógair an tAire Ryan chomh maith an chéad chéim eile chun an bonneagar luchtaithe d’fheithiclí leictreacha a chur ar fáil trí chomhairliúchán poiblí a oscailt maidir leis an bPlean um Líonra Luchtaithe Réigiúnach agus Áitiúil d’Fheithiclí Leictreacha, rud a dhíreoidh ar luchtú don phobal i gcathracha, bailte agus sráidbhailte timpeall na tíre.
Is é ZEVI (Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha na hÉireann), oifig thiomnaithe de chuid na Roinne Iompair, a d’fhorbair an Plean Réigiúnach agus Áitiúil agus is ionann é agus an dara cuid den Phlean maidir le Líonra Náisiúnta Luchtaithe d’Fheithiclí Leictreacha.
Agus an comhairliúchán poiblí á sheoladh aige, dúirt an tAire Ryan:
"Cuireann an Plean um Líonra Luchtaithe Réigiúnach agus Áitiúil d’Fheithiclí Leictreacha bealach ar fáil chun líonraí réigiúnacha agus áitiúla de bhonneagar luchtaithe poiblí d’fheithiclí leictreacha a chur ar fáil níos tapa i gcathracha, bailte agus sráidbhailte ar fud na hÉireann. Tá sé i gcomhréir le huaillmhianta náisiúnta agus Eorpacha araon maidir le hiompar níos glaine, agus cinntíonn sé cur chuige comhtháite caighdeánaithe. Beidh sé faoi stiúir na n-údarás áitiúil, ag obair le chéile chun straitéisí réigiúnacha agus áitiúla a fhorbairt, chun feidhmiú céimneach aontaithe agus éifeachtúil bonneagair luchtaithe a chur chun cinn, rud a éascóidh an t-aistriú cothromasach chuig feithiclí leictreacha.”
Ag oibriú chun mianta náisiúnta agus Eorpacha araon i dtaca le córas iompair níos glaine a bhaint amach, leagtar amach sa phlean bealach chun na mianta seo a fhíorú, in éineacht le pacáiste tograí maidir le hinfheistíocht, rialúchán agus ionstraimí beartais.
Áiríonn sé seo tabhairt isteach na bpointí luchtaithe atá inrochtana don phobal trí Scéim Luchtaithe Feithiclí Leictreacha an Oileáin Chomhroinnte do Chlubanna Spóirt, Scéim Luchtaithe Ionad Pobail faoi Chreat um Aistriú Cóir (JTF) an Aontais Eorpaigh, agus an scéim Deontas Mótarbhealaí do Luchtú Feithiclí Leictreacha (Scéim Deontas um Bonneagar Luchtaithe ar an tSlí d’Fheithiclí Leictreacha Saothair Éadroma), ar scéimeanna iad uile atá beo agus a bhfuiltear ag súil leis go gcuirfear ar fáil don phobal iad go déanach in 2024 agus go luath in 2025.
Is é an dáta deiridh chun páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí don Phlean Áitiúil agus Réigiúnach ná 19 Iúil 2024.
Déanfar anailís agus meastóireacht ar na freagraí ansin, agus beidh siad mar bhonn eolais faoin doiciméad deiridh, a fhoilseofar sa dara leath de 2024.
Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun do thuairim a thabhairt, tabhair cuairt ar www.gov.ie/zevi.