Tús Eolais ar Luchtú na bhFeithiclí Leictreacha

Cad is pointe luchtaithe feithiclí leictreacha ann?
Go bunúsach, is é is pointe luchtaithe feithiclí leictreacha ann ná píosa trealaimh comhéadain lena nasctar feithicil leictreach aonair le soláthar leictreachais, rud lena gcumasaítear ceallra na feithicle a luchtú. Is leis an gceallra sin a sholáthraítear an chumhacht chun an fheithicil a thiomáint, lena n-áirítear feithiclí lánleictreacha nó feithiclí hibride inluchtaithe90. Is minic a úsáidtear na téarmaí Béarla ‘charge point’ agus ‘charging point’ go hidirmhalartach. Is é ‘pointe luchtaithe’ an téarma coibhéiseach Gaeilge.
Is féidir le pointí luchtaithe a bheith ina gcomhéadain neamhspleácha (mar atá amhlaidh i gcás an chuid is mó de phointí luchtaithe baile) nó is féidir iad a eagrú i dteaglamaí éagsúla nó i gcnuasaigh éagsúla i láithreacha ar leith. Tá na pointí luchtaithe comhcheangailte aonair sin ina moil mar ar féidir níos mó ná feithicil leictreach amháin a luchtú san aon am amháin.
Tá an chuid is mó de na pointí luchtaithe feithiclí leictreacha a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu comhdhéanta de chuas páirceála aonair agus de phointe nasctha leictreachais in aice leis. I gcás ina soláthraítear níos mó ná pointe luchtaithe amháin, is féidir roinnt pointí nasctha a ghrúpáil le chéile i stáisiúin luchtaithe aonair. Is é an toradh atá air sin ná go laghdaítear an líon cáblaí agus crua-earraí a theastaíonn chun an pointe luchtaithe a nascadh leis an soláthar leictreachais agus is dóigh éifeachtúil í chun a chinntiú go mbeifear in ann níos mó ná feithicil amháin a luchtú san aon am amháin. Is socrú coitianta é dhá shoicéad chúplacha a bheith ann i stáisiún luchtaithe aonair lena bhfreastalaítear ar dhá chuas páirceála atá taobh le taobh nó cúl le cúl.
Tráth nach raibh ach beagán dul chun cinn déanta ar theicneolaíochtaí feithiclí leictreacha, d’fhorbair monaróirí difriúla cineálacha difriúla pointí nasctha agus soicéad. D’fhág sé sin nach raibh ach beagán roghanna ag úinéirí feithicle maidir le cén áit agus cén dóigh a raibh siad in ann a bhfeithiclí leictreacha a luchtú. De réir mar atá an margadh feithiclí leictreacha ag forbairt, tá pointí nasctha caighdeánacha idir-inoibritheacha ag éirí níos coitianta, go háirithe san Aontas Eorpach.
Ós rud é gurb ann anois do níos mó pointí nasctha caighdeánaithe agus do níos mó soicéad pointe luchtaithe, tá luchtú feithiclí leictreacha difreáilte go príomha anois de réir cumhachta agus acmhainn cheallra na feithicle. Príomhfhachtóir eile is ea cé acu is féidir an leictreachas a sholáthraítear don phointe luchtaithe a tharraingt ó ghnáthshocruithe soláthair baile nó is gá acmhainn nasctha níos airde.
Cén chaoi a n-oibríonn luchtú na bhfeithiclí leictreacha?
Chun feithicil leictreach a luchtú, páirceáiltear an fheithicil agus nasctar í leis an nasc pointe luchtaithe nó leis an soicéad pointe luchtaithe trí chábla pointe luchtaithe. Is gnách go dtagann pointí luchtaithe feithiclí leictreacha faoi dhá chatagóir: luchtú caighdeánach agus mearluchtú. Tugtar luchtú srutha ailtéarnaigh (SA) agus luchtú srutha dhírigh (SD) orthu freisin.
Sruth ailtéarnach (SA)
Baineann luchtú srutha ailtéarnaigh le luasanna níos moille de luchtú feithiclí leictreacha. Tá dhá chineál luchtú srutha ailtéarnaigh ann: pas aonair agus trí phas. Le linn luchtú, seoltar leictreachas srutha ailtéarnaigh ón bpointe luchtaithe chuig an bhfeithicil. Braitear leis an luchtaire ar bhord na feithicle an uaschumhacht atá ar fáil ón bpointe luchtaithe. Tiontaíonn an fheithicil an chumhacht srutha ailtéarnaigh sin ina cumhacht srutha dhírigh agus bainistíonn sí luchtú gach cille i bpaca ceallra na feithicle.
Sruth díreach (SD)
Tríd is tríd, tá luchtú srutha dhírigh bainteach le mearluasanna luchtaithe. Is féidir le luchtú srutha dhírigh paca ceallra na feithicle a luchtú go mear. Sa chás seo, tiontaíonn an pointe luchtaithe srutha dhírigh leictreachas srutha ailtéarnaigh ina leictreachas srutha dhírigh, rud a sholáthraítear uaidh don fheithicil. Déantar é a sheoladh go díreach chuig an gceallra. Déantar an próiseas a rialú agus a bhainistiú trí chóras bainistíochta ceallra na feithicle. Déanann an córas sin cumarsáid leis an luchtaire srutha dhírigh tríd an gcábla nasctha agus insíonn don luchtaire cá mhéad cumhachta ba cheart a sholáthar ag aon phointe ar leith le linn an phróisis. Rialaíonn sé freisin tús agus stad an phróisis luchtaithe.
Léirítear leis an leibhéal cumhachta (in kW) de phointe luchtaithe an t-uasmhéid fuinnimh a d’fhéadfaí a sholáthar do phaca ceallra thar thréimhse uair an chloig. Beidh an méid iarbhír fuinnimh a aistreofar chuig an gceallra ag brath ar fhachtóirí amhail friotaíocht inmheánach an cheallra, an t-uasráta is féidir leis an bpaca a sheasamh ag an leibhéal luchtaithe ar leith ar thosú an luchtaithe, agus an córas fuaraithe ceallra, i measc nithe eile. Ina theannta sin, is minic i gcás luchtú breisithe (go háirithe nuair atáthar ag úsáid pointí mearluchtaithe ardchumhachta) nach gá d’úsáideoirí feithiclí leictreacha a bhfeithiclí leictreacha a luchtú go hiomlán. Ina áit sin, is féidir leo plugáil isteach agus an ceallra a luchtú a mhéid is leor chun gur féidir leo a gceann scríbe a bhaint amach.
Is féidir le pointí luchtaithe de gach luas leictreachas srutha ailtéarnaigh a úsáid, cé nach féidir ach le pointí mearluchtaithe nó le pointí luchtaithe ardchumhachta leictreachas srutha dhírigh a úsáid. Sa chuid is mó de limistéir chónaithe, is iad soláthairtí cumhachta leictrí srutha ailtéarnaigh pas aonair na soláthairtí is coitianta, toisc go bhfuil an cineál sin córais soláthair oiriúnach do lóid leictreacha measartha íseal (amhail soilsiú agus teas), mar aon le roinnt bheag mórmhótar leictreach. I gcás mórfhoirgneamh tionsclaíoch nó tráchtála, is minic a úsáidtear córas srutha ailtéarnaigh ardchumhachta trí phas. Is leis an gcineál soláthair srutha ailtéarnaigh atá ar fáil a chinntear an cineál pointe luchtaithe is féidir a shuiteáil toisc gur gnách go dteastaíonn soláthar srutha ailtéarnaigh trí phas le haghaidh pointí luchtaithe lena soláthraítear leictreachas atá i bhfad níos mó ná 7 kW (amhail 11 kW go 22 kW).
Ina theannta sin, níl an chuid is mó de na carranna leictreacha atá ar an margadh faoi láthair in ann glacadh le níos mó ná c. 7 kW ar sholáthar srutha ailtéarnaigh pas aonair nó, (i gcás ina bhfuil siad in ann glacadh le luchtanna srutha ailtéarnaigh níos airde suas le 11 kW), dearadh iad chun a chinntiú nach luchtófar iad os cionn 7 kW má úsáidtear soláthar leictreachais srutha ailtéarnaigh pas aonair. Fágann sé sin gurb amhlaidh, i limistéir chónaithe, is iad na cineálacha pointí luchtaithe is éifeachtaí ná na pointí luchtaithe ísealvatachta idir 7 kW agus 11 kW a oibríonn ar an dóigh is fearr thar thréimhsí luchtaithe níos faide, amhail thar oíche. Tríd is tríd, tá pointí luchtaithe srutha ailtéarnaigh níos lú ó thaobh méide de, rud a fhágann go bhfuil siad níos oiriúnaí do chomhthéacsanna baile mar a bhfuil teorainn leis an spás atá ar fáil le haghaidh bonneagar luchtaithe.
Cineálacha Nascóirí
Tá cineálacha éagsúla nascóirí ag feithiclí leictreacha freisin le haghaidh luasanna éagsúla luchtaithe agus ní féidir iad a phlugáil isteach ach amháin i bpointí luchtaithe a bhfuil an cineál céanna nascóra acu, mura n-úsáidtear cuibheoir.
Nascóirí Chineál 2: I gcás luchtú srutha ailtéarnaigh (luchtú caighdeánach/mearluchtú), is gnách go n-úsáideann feithiclí leictreacha na hEorpa nascóir Chineál 2. Tá teicneolaíochtaí nascóir Chineál 2 níos coitianta i bhfeithiclí leictreacha níos nuaí, agus tacaíodh le húsáid an chineáil phointe luchtaithe sin mar bhealach chun luchtú caighdeánaithe, idir-inoibritheach a bhaint amach ar fud an Aontais Eorpaigh.
Cineálacha nascóirí an Chomhchórais Luchtaithe (CCS) nó CHAdeMO: Tá níos mó ná cineál nascóra amháin ag roinnt stáisiún luchtaithe (mar shampla: CCS agus CHAdeMO araon), rud a fhágann gur féidir raon samhlacha feithiclí leictreacha a luchtú. Go praiticiúil, ciallaíonn sé sin go mbeidh formhór na bhfeithiclí leictreacha in ann formhór na bpointí luchtaithe a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu a úsáid.